Ba mhaith linn cúpla ceist a chur ort faoin seó scoile!
1. Cén fáth ar roghnaigh tú Oliver?
Is dráma é atá bunaithe ar bhuachaillí, le go leor ról do dhaltaí.
Is dráma coitianta é, ceoldráma, agus go leor amhrán ann atá i mbéal an phobail.
2. Cé hé an carachtar is fearr leat in Oliver?
Fegan nó Bill Syhes.
3. Cad é lenar féidir linn a bheith ag dúil ón séo?
Bí ag dúil le greann, fuineamh agus bomaití dubha dorcha ach thar aon rud eile oíche mhór shiamsiachta.
4. An fior na ráflaí go mbeidh an tUasal Mac Ambróis ag glacadh an phríomróil sa séo?
Ní bheidh an tUasal Mac Ambróis ar an ardán, tá mé buartha má bhí an lucht leanúna ag dúil leis sin.
5. An dtiocfaídh mórán daoine chuig an seó i do bharúil?
Is deacair a rá, tá muid ag dúil le lán an tí don trí oíche.
6. Cén costas a bheas ar an seó seo a léiriú agus an ndéanfaidh tú brabach?
Tá muid ag machnamh go fóil ar tháille an dorais ach ní bheidh a fhios againn go cinnte go dtiocfaidh deireadh leis an seó.